ÁIRIGH ANOIS

Stair agus Radharc Iontach

Is baile beag radharcach é Dún Lúiche i nGaeltacht Chontae Dhún na nGall. Tá sé suite idir Sliabh an Earagaill agus Gleann Nimhe. Tá stair agus béaloideas sa cheantar, agus thig le cuairteoirí taitneamh a bhaint as fiseán gairid, taispeántais fhíodóireachta traidisiúnta agus turas ar Theach an Fhíodóra in Ionad Cois Locha. Tugann turas bád cuairtoirí ar Loch Dhún Lúiche chun radharcanna iontacha agus scéalta béaloidis a bhaint amach.

TUILLEADH EOLAIS

Ár Eispéiris

Trad Tráthnóna
(Seisiúin Cheoil Bheo)

Price: From €10pp
BOOK NOW READ MORE

Cead Isteach

Price: ó €3
ÁIRIGH ANOIS READ MORE

Turas Bréidín Dhún na nGall

Price: ó €5
ÁIRIGH ANOIS READ MORE

Turas Bád & Teach an Fhíodóir

Price: ó €15
ÁIRIGH ANOIS READ MORE

Ticéad Séasúir

Price: ó €90
ÁIRIGH ANOIS READ MORE

Cad a deir ár gCuairteoirí Sásta!

De ghnáth, tabharfhainn muid cuairt ar Dhún Lúiche gach bliain, agus ní bhíonn díomá orainn riamh. Is breá lenár mbuachaillí é. Bhí cúpla rud nua le feiceáil i mbliana, rud a bhí iontach deas, agus is buaicphointe i gcónaí an turas báid ar an loch. Beidh muid ar ais an bhliain seo chugainn cinnte. Is fiúntach an praghas é seo a bhuíochas leis an mbia, an ceol, agus an t-atmaisféar te.
Sabrina, ar TripAdvisor
Is eispéireas riachtanach é Ionad Cois Locha. Bhain muid an-taitneamh as gach bomaite dár gcuairt. Sa Chaifé, bhain muid sult as caife, tae, agus ceapairí blasta. Cuireann an fhoireann seirbhís den scoth ar fáil. Thug muid turas radharcach ar an loch le Peadar agus Pól freisin—bhí sé iontach suimiúil. Neart ceardaíochta agus priontaí áille le meas agus le ceannach. Radharcanna iontacha!
Pearl, ar Google Reviews
Áit iontach do pháistí agus do theaghlaigh. Thug muid cuairt ar an teach agus ar an turas báid, a raibh iontráil saor in aisce isteach sa pháirc súgartha mar chuid de. Bhí an teachín cosúil le siúlóid tríd an am agus an-suimiúil. Thaispeáin an bhean a bhí ann dúinn cen dóigh olann a shnáthú agus bhí sé iontach. Thug an turas báid cuntas mionsonraithe ar an talamh máguaird.
Margaret, ar Google Reviews
Cé nach bhfuil cónaí orainn rófhada ó Dhún Lúiche, ba é seo ár gcéad chuairt ann agus chuir sé iontas orm cé chomh hiontach is atá an seoid bheag fholaithe seo! Tá neart rudaí ann do pháistí, tá ár bpáistí idir 2 agus 8 mbliana d’aois, agus bhí na tuairtcharr agus na pedalos iotach, chomh maith leis an gclós súgartha.
Joy, ar Google Reviews
Réimse leathan cártaí, saothar ealaíne, seodra, cniotála, gallúnach, coinnle i measc réimse ollmhór earraí bronntanais sa siopa ceardaíochta. Chuir ball foirne an-chairdiúil, aoibhinn agus cabhrach fáilte mhór romhainn agus mhol siad háiseanna áitiúil chomh maith.
Evelyn, ar Google Reviews
Lá iontach amuigh don teaghlach ar fad. Rinne muid an turas báid ar an loch, an turas ar an seanteach agus bhain muid taitneamh as an aonach ceardaíochta a bhí ar siúl. Thaitin na tuairtcharr, na báid troithean agus an áit súgartha bó go mór leis na páistí.
Ed, ar TripAdvisor
Lá iontach amuigh! Thugamar cuairt ar Teach an Fhíodóir agus bhí sé iontach, chomh faisnéiseach agus spraíúil (ba í Martina ár dtreoraí). Thugamar cuairt ar an Turas Bád ar Loch Dhún Lúiche fosta agus bhí sé den scoth, radharcanna iontacha ar an tírdhreach máguaird agus arís neart staire agus scéalta áitiúla. Tabhair cuairt air má tá tú i gContae Dhún na nGall.
Ciara, ar TripAdvisor
Bhí lá iontach againn ag Ionad Dhún Lúiche le linn Seachtain na hOidhreachta. Is seoid faoi bhun a luacha í an áit seo gan dabht. Ba iad na hainmhithe feirme cairdiúla, an turas báid suaimhneach, agus an clós súgartha iontach buaicphointí ár gcuairte. Is dócha gurb í an pháirc súgartha ceann de na cinn is mó agus is fearr cothabháilte a raibh muid ann riamh – foirfe do theaghlaigh le páistí.
Anita, ar Google Reviews
Lá ar dóigh amuigh. Thig leat dul ag marcaíocht/ag siúlóid ar an bealach isteach don ionad. Thig leat siúlóidí fada nó gearra a dhéanamh timpeall an ionaid, an chnoic nó an bhóthair le radharc an-álainn.Thig leat cuimhneacháin, bia, píosa beag staire a cheannach, agus scéal beag curtha leis chun léargas a thabhairt duit ar an saol sna seanlaethanta.
Aisling, ar TripAdvisor
Lá iontach amuigh don teaghlach. Tá triúr páistí againn faoi bhun 4 bliana d’aois. Bhí an bia maith, na tuairtcharr, na báid pedal agus an clós súgartha iontach. Foireann an-chairdiúil, thug siad seans dár bpáistí ar na gníomhíochtaí agus mura raibh dúl acu iontu, chuidigh siad go cineálta leo agus mhol siad rud éigin níos fearr dóibh.
Aidan, ar TripAdvisor

Rud éigin le déanamh ag gach duine i nDún Lúice

Ag Ionad Cois Locha, Cuirimid réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil do chuairteoirí de gach aois, rud a chinntíonn lá lán spraíúil do theaghlaigh, do ghrúpaí agus do dhaoine aonair fosta.

TUILLEADH EOLAIS

Bialann

Bí cinnte béile blasta a fháil sa bhialann. Cuireann bialann Ionad Cois Locha biachlár lan le cineál diffriúl bia áitiúla agus séasúracha. Bain taitneamh as béile deanta le grá agus tú ag baint sult as na radharcanna áille atá timpeall ort.

PLEANÁIL DO CHUAIRT

Ceisteanna Coitianta

Cad iad uaireanta oscailte Ionad Cois Locha?
Táimid oscailte ó 10:30-4:30 le linn ár séasúir. Seiceáil ár suíomh gréasáin le haghaidh aon athruithe séasúracha nó uaireanta speisialta saoire.
Cá bhfuil Ionad Cois Locha suite?
Tá Ionad Cois Locha suite i nDún Lúiche, Contae Dhún na nGall, Éire, ach cúpla nóiméad ó Shliabh Errigal. Lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill agus feadh na Slí Fiáin an Atlantaigh. Eirchód: F92 W265.
Cad is féidir liom a bheith ag súil leis ón Turas ar Theach an Fhíodóra?
Áirítear leis an turas faoi stair Dhún Lúiche agus theaghlach Ó Fearraigh, taispeántas beo sníomh agus fíodóireachta, turas treoraithe ar Theach an Fhíodóra Manus Ó Fhearraigh agus cuairt ar Shiopa Sophie, uilig caomhnaithe mar a bhí sé blianta fada ó shin.
Cé chomh fada is a mhaireann Turas Theach an Fhíodóra?
Maireann an turas thart ar 30 nóiméad de ghnáth.
Cén cíneal gníomhaíochtaí atá ar fáil ag Ionad Cois Locha?
Cuirimid réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil, Turas Báid, clós súgartha, tuairtcharr, báid phéidil, súgradh bog, gairdín céadfach, agus ainmhithe feirme.
An d’thig liom turas báid a chur in áirithe?
Thig cinnte, is féidir leat turas báid radharcach a chur in áirithe trasna Loch Dhún Lúiche. Áirítear leis an turas gutháin faoi stair na ceantair, radhairc ar Shliabh Earagail agus ar Ghleann Nimhe, agus béaloideas áitiúil.

Clárú Nuachtlitir

Liostáil lenár Nuachtlitir Ríomhphoist chun fanacht cothrom le dáta ar nuacht ó am go ham.

Sign up for Dunlewey Centre

Poist Instagram is Déanaí